English

Rónán agus Caoimhe ar an fheirm

Leabhar maisithe do pháistí
Michael Bauer | 30 D. Fómhair 2012
Bogchlúdach ⁊ ríomhleabhar
£10.50 (£3.50 mar ríomhleabhar) | Le fáil
ISBN 9781907165047 (eBook 9781907165252)

The Book Centre | Blackwell's | Amazon UK
        Hugendubel | Amazon DE

McNally | Amazon CA
Barnes & Noble | Amazon US
Fishpond.com.au Fishpond.co.nz
Kindle RA ⁊ Éire | SAM | Canada | An Ghearmáin | Astràilia ⁊ An Séalainn
*Tá aip Kindle le fáil ar Android agus iOS

Is é seo an chéad leabhar Gaeilge do pháistí againn. Tugann Ronán agus Caoimhe cuairt ar a seanmháithair ar an chroit agus imíonn an madra láithreach go gasta chun an scéal a insint do na hainmhithe uile. Agus é á dhéanamh sin, faighinn muid amach cad é a bhíonn na hainmhithe uile ag rá as Gaeilge – ó bhó na nGarbhchríoch agus a gamhain, an lacha agus a héin lachan, na géanna, an coileach agus na cearca, an capall agus an t-asal go na beacha agus an cat agus na hainmhithe uile eile ar an chroit – an míol mór fiú! Is ea, deir an míol mór rud éigin as Gaeilge agus muna raibh a fhios agat sin, seo an cothrom duit chun fáil amach. 40 bileóga le 19 léaráidí daite agus taitneamhach atá ann.

Bhí an scéal scríofa i nGaeilge na hAlban i dtús báire agus ní aistriúchán é de leabhar Béarla a bhí ann. Toisc go bhfuil sé suite go diongmháilte cois cladaigh na Farraige Móire Iartharaí in áit éigin chomh maith, ní hamhain gur leabhar páiste as Gaeilge atá ann - tá croí Gaelach aige fosta. Tá an capall ar an mhacaire, agus tá easpa glinn ann de chrainn, madraí darb ainm ‘Spot’ nó lachan darb ainm ‘Jemima’!

Tá taifeadadh le fáil d’ aithris an scéil fosta (amharc thíos) agus foclóir beag den scéal do thuismitheoirí nach bhfuil Gaeilge líofa acu go fóill.

Éist leis an chlosamharc (mp3)
Foclóir